Have My Say

All pages relating to have my say.

Tairseach an Chomhairliúcháin Phoiblí

Féadfaidh údaráis áitiúla tairseacha ar líne a sholáthar inar féidir leat páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin phoiblí. Is féidir é seo a dhéanamh trí chlárú chun comhairliúcháin oscailte nó comhairliúcháin atá le teacht a fheiceáil nó a chuardach, nó trí bhreathnóireacht a chur isteach.

Gearáin ó Chustaiméirí

Féadfaidh tú gearán i scríbhinn a sheoladh chuig an údarás áitiúil má mheasann tú gur caitheadh go héagórach leat nó nár caitheadh leat i gcomhréir le cairte sheirbhíse do chustaiméirí an údaráis áitiúil.

Clár na dToghthóirí

Foilsíonn údaráis áitiúla clár poiblí na ndaoine incháilithe agus cláraithe go léir atá i dteideal vótáil i dtoghcháin agus reifrinn áitiúla, náisiúnta agus Eorpacha.

Iarratas ar Rochtain ar Shonraí

Féadfaidh tú iarratas a sheoladh chuig an údarás áitiúil chun rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta, chun a sheiceáil an bhfuil sonraí ann fút, chun eolas a fháil faoi ábhar agus foinse na sonraí pearsanta, agus do shonraí pearsanta a nuashonrú, a cheartú nó a scriosadh.

Tuairisciú Tithe Folmha

Féadfaidh tú fógra a thabhairt d’údarás áitiúil faoi shaincheisteanna le tithe príobháideacha folmha agus faoi thithe folmha údaráis áitiúil.