Gearáin ó Chustaiméirí

Féadfaidh tú gearán i scríbhinn a sheoladh chuig an údarás áitiúil má mheasann tú gur caitheadh go héagórach leat nó nár caitheadh leat i gcomhréir le cairte sheirbhíse do chustaiméirí an údaráis áitiúil.

Údaráis Áitiúla Cheatharlacha

Gnás Gearáin na gCustaiméirí

An Gealltanas Againn do Sheirbhís na gCustaiméirí ar Ardchaighdeáin

Geallaimidne in Údaráis Áitiúla Cheatharlach seirbhís ar ardchaighdeáin a chur ar fáil duit. Tá caighdeán na seirbhíse lenar féidir leat a bheith ag súil leagtha amach inár bPlean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí 2001 – 2004.

Oibrímid go dian chun caighdeán na seirbhíse atá ar fáil duit a chothabháil agus a fheabhsú agus chun leibhéal na mbotún a choimeád chomh híseal agus is féidir. Aithnímid, áfach, go dtarlaíonn botúin nó moilleanna ó am go chéile.

Muna bhfuil tú sásta leis an tseirbhís atá á chur ar fáil duit, ba cheart duit a leithéid a chur in iúl dúinn ionas gur féidir linn feabhas a chur air. Cuirimid fáilte roimh aon aiseolas agat agus rachfar i ngleic faoi rún le gach gearán a thagann chugainn.

Gearáin

Leagann an bhileog seo amach ár gcuid ghnásanna chun déileáil le gearáin. Insíonn sí duit:

  • cad iad na saincheisteanna lena mbaineann an gnás
  • cad iad na saincheisteanna nach bhfuil clúdaithe
  • conas gearán a dhéanamh
  • cén t-eolas ar cheart duit a chur ar fáil
  • na caighdeáin atá leagtha síos againn chun dul i ngleic le gearáin
  • an méid a chosnóidh sé duit; agus
  • cad is féidir leat a dhéanamh muna bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fuair tú uainn i leith do ghearán.

Cad iad na saincheisteanna lena mbaineann an gnás?

Baineann gnás seo na ngearán le haon ghearán faoi cheisteanna ar nós moilleanna, botúin agus drochsheirbhís do chustaiméirí – cásanna nach bhfuair tú caighdeán na seirbhíse a chreideann tú go bhfuil tú i dteideal á fáil.

Cad iad na saincheisteanna nach bhfuil clúdaithe?

Tá gnásanna ar leith i bhfeidhm maidir le hiarratais ar Shaoráil Faisnéise.

Conas is féidir liom gearán a dhéanamh?

  1. Ar an gcéad dul síos, ba chóir an gearán a chur, ó bhéal nó i scríbhinn, faoi bhráid na foirne san oifig lena bhaineann. Déanfaidh an fhoireann ansin iarracht do ghearán a réiteach gan mhoill.
  2. Muna féidir lenár bhfoireann do ghearán a réiteach, nó muna bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fuair tú, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, Seirbhísí Corparáideacha a shocróidh go ndéanfar do ghearán a fhiosrú. Is féidir leat gearán, ó bhéal nó i scríbhinn, a dhéanamh chuige ag:

An t-Oifigeach Sinsearach Feidhmiúcháin,

Seirbhísí Corparáideacha,

Comhairle Contae Cheatharlach,

Oifigí an Chontae,

Bóthar Bhaile Átha Í,

Ceatharlach.

Guthán: (0503) 70345 / 70300

Feacs: (0503) 41503

rPhost: secretar@carlowcoco.ie

Cén t-eolas ar cheart duit a chur ar fáil?

  • d'ainm agus do sheoladh
  • an chúis le do ghearán agus cad é go díreach a bhfuil tú míshásta leis – tabhair an oiread eolais agus is féidir, lena n-áirítear aon doiciméadacht tacaíochta lena baineann
  • ainm na hoifige agus, más cuí, an t-oifigeach nó na hoifigigh lena raibh tú ag déileáil
  • cén toradh is mian leat a bhaint amach tríd an ngearán seo, nó an bhfuil aon mholtaí agat maidir le conas ba cheart dúinn an scéal a leigheas?
  • an bhfuil teagmháil déanta agat cheana féin le réimse na seirbhíse atá i gceist chun sásamh a fháil; más ea, cuir na sonraí faoina leithéid ar fáil
  • uimhir ghutháin lae, más fearr leat go ndéanfaimis teagmháil leat ar an nguthán – d’fhéadfadh sé seo cabhrú linn an cheist a réiteach níos tapúla.

Má tá gearán casta agat, b’fhéidir gurbh fhearr duit á chur i scríbhinn ionas nach ndéanfaí dearmad ar aon cheann de na sonraí. Ná déan dearmad gach cáipéis nó gach comhfhreagras lena bhaineann a d’fhéadfadh a bheith agat a chur chugainn.

Na caighdeáin atá leagtha síos againn chun dul i ngleic le do ghearán

  • Rachaimid i ngleic le do ghearán i gceart, go cóir agus gan claonadh.
  • Geallaimid nach dtiocfadh aon drochthoradh as gearán á dhéanamh agat ar do chuid ghnó agus do chuid theagmháil le hÚdaráis Áitiúla Cheatharlacha.
  • Déanfaidh oifigeach de chuid Údaráis Áitiúla Cheatharlacha, nach raibh baint aige leis an gcinneadh nó leis an ngníomh bunaidh, scrúdú cúramach ar do ghearán.
  • Déanfar comhfhreagras faoi do ghearán a chomhdú ar leithligh ó aon fhaisnéis eile atá á choinneáil fút ag Údaráis Áitiúla Cheatharlach.
  • De ghnáth, scrúdóimid agus athbhreithneoimid do ghearán agus seolfaimid freagra chugat laistigh de 15 lá oibre tar éis dúinn do ghearán a fháil. Nuair nach féidir an sprioc seo a bhaint amach, cuirfimid a leithéid in iúl duit agus leanfaimid orainn ag déanamh amhlaidh go dtí go mbíonn réiteach ar an gceist.
  • Gabhfaimid leithscéal as aon bhotún, míneoimid cad a tharla agus déanfaimid á cheartú nuair is féidir.
  • Athróimid na gnásanna againn lena chinntiú go n-éireoidh níos fearr linn amach anseo.

Cé mhéid a chosnóidh sé?

Tada. Níl aon táille ar ghearán a dhéanamh agus ní ghearrfaimid táille ort as dul i ngleic le do ghearán.

An féidir liom an tOmbudsman a thabhairt isteach?

Is féidir leat. Muna bhfuil tú sásta le toradh do ghearáin nó leis an mbealach ar déileáladh leis, is féidir leat an cheist a sheoladh ar aghaidh chuig an Ombudsman.

Bunaíodh Oifig an Ombudsman chun scrúdú a dhéanamh ar ghearáin uathu siúd sa phobal a gcreideann gur caitheadh go héagórach leo agus iad ag dul i ngleic le comhlachtaí ar nós na Ranna Rialtais, na n-Údarás Áitiúla agus an Bhoird Sláinte. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman ag:

Oifig an Ombudsman,

18, Sráid Líosain Íochtarach,

Baile Átha Cliath 2.

Guthán: (01) 6785222, Feacs: (01) 6610570

LoCall: 1890 22 30 30 (dóibh siúd ag glaoch lasmuigh de cheantar Bhaile Átha Cliath)

rPhost: ombudsman@ombudsman.irlgov.ie