Bainistiú Móréigeandála

Déanann údaráis áitiúla, in éineacht le Príomhghníomhaireachtaí Freagartha eile, bainistíocht agus freagairt do mhóréigeandálaí mar thuilte, stoirmeacha agus eachtraí substaintí guaiseacha chun beatha agus maoin a chosaint, cur isteach ar an bpobal a íoslaghdú agus tacaíocht láithreach a thabhairt dóibh siúd lena mbaineann. Is móréigeandáil é aon eachtra atá ina chúis nó ina bhagairt, gan mórán rabhaidh nó gan aon rabhadh de ghnáth, le gortú nó bás, le cur isteach tromchúiseach ar sheirbhísí riachtanacha, nó le damáiste do mhaoin, don chomhshaol nó don bhonneagar thar ghnáthchumais na bpríomhsheirbhísí éigeandála.